amendment list, 18 November 2026
An caidreamh polaitiúil idir an tAontas agus an tSiria
Report A-10-2026-0278-AM-016-017 · (2026/2036(INI))
Full text
Text 21 paragraphs
18.11.2026 A10-0278/16
Leasú 16
Marion Maréchal, Carlo Fidanza, Nicolas Bay, Guillaume Peltier, Charlie Weimers, Nicola Procaccini, Laurence Trochu, Adrian-George Axinia, Adam Bielan, Piotr Müller, Stephen Nikola Bartulica, Nikola Bartůšek, Stefano Cavedagna, Alessandro Ciriani, Dick Erixon, Emmanouil Fragkos, Geadis Geadi, Chiara Gemma, Nora Junco García, Sander Smit, Kristoffer Storm, Dominik Tarczyński, Alice Teodorescu Måwe, Georgiana Teodorescu, Beatrice Timgren, Sebastian Tynkkynen, Jessika van Leeuwen, Mariateresa Vivaldini, Kosma Złotowski, Tomasz Froelich, Marc Jongen, Alvise Pérez, Malika Sorel, Mieke Andriese, Rachel Blom, Ton Diepeveen, Marieke Ehlers, Sebastian Kruis, Jorge Martín Frías, Hermann Tertsch, Auke Zijlstra, Christophe Gomart, Henrik Dahl, Volker Schnurrbusch, Alberico Gambino, Lara Magoni, Daniele Polato, Ondřej Krutílek, Elena Donazzan, Pietro Fiocchi, Thierry Mariani, Alexandr Vondra, Fabrice Leggeri, Veronika Vrecionová, Michał Dworczyk, Julie Rechagneux, Marco Squarta, Tobiasz Bocheński, Joachim Stanisław Brudziński, Jean-Paul Garraud, Paolo Inselvini, Ruggero Razza, Jaak Madison, Margarita de la Pisa Carrión, Marlena Maląg, Sergio Berlato, Arkadiusz Mularczyk, Ivaylo Valchev, Anna Zalewska, Marie-Luce Brasier-Clain, Angéline Furet, Galato Alexandraki, Mathilde Androuët, France Jamet, Mélanie Disdier, Bogdan Rzońca, Alexander Sell, Gilles Pennelle, Philippe Olivier, Małgorzata Gosiewska
Tuairisc A10-0278/2026
Nathalie Loiseau
(2026/2036(INI))
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris N
| Tairiscint i gcomhair rúin | Leasú |
| N. de bhrí go bhfuil os cionn 3.5 milliún dídeanaí ón tSiria fós thar lear, go príomha sa Tuirc, sa Liobáin, san Iordáin agus san Iaráic, agus go bhfuil os cionn 7.4 milliún díobh easáitithe go hinmheánach laistigh den tSiria; de bhrí go bhfuil os cionn 3 mhilliún dídeanaí agus duine easáitithe ina dtír féin tar éis filleadh ar a dtithe ó mhí na Nollag 2024 i leith; de bhrí go léirítear i suirbhé UNHCR go bhfuil sé beartaithe ag 80 % de dhídeanaithe ón tSiria sa Liobáin, san Iordáin, san Iaráic agus san Éigipt filleadh ar an tSiria tráth éigin; | N. de bhrí go bhfuil os cionn 3.5 milliún dídeanaí ón tSiria fós thar lear, go príomha sa Tuirc, sa Liobáin, san Iordáin agus san Iaráic, agus go bhfuil os cionn 7.4 milliún díobh easáitithe go hinmheánach laistigh den tSiria; de bhrí go bhfuil os cionn 3 mhilliún dídeanaí agus duine easáitithe ina dtír féin tar éis filleadh ar a dtithe ó mhí na Nollag 2024 i leith; de bhrí go léirítear i suirbhé UNHCR go bhfuil sé beartaithe ag 80 % de dhídeanaithe ón tSiria sa Liobáin, san Iordáin, san Iaráic agus san Éigipt filleadh ar an tSiria tráth éigin; de bhrí, as beagnach 1.4 milliún Siriach a rinne iarratas ar chosaint agus, i bhformhór na gcásanna, ar deonaíodh cosaint dóibh le deich mbliana anuas, nár fhill ach cúpla míle duine ar an tSiria ó dheireadh an chogaidh chathartha; de bhrí gur gheall Seansailéir Merz na Gearmáine agus Uachtarán idirthréimhseach na Siria Ahmad al-Sharaa le déanaí formhór mór an mhilliúin náisiúnach Siriach atá ina gcónaí sa Ghearmáin a aisdúichiú; |
Or. en
18.11.2026 A10-0278/17
Leasú 17
Read the rest (9 paragraphs)
Marion Maréchal, Nicolas Bay, Laurence Trochu, Nicola Procaccini, Carlo Fidanza, Guillaume Peltier, Adrian-George Axinia, Stephen Nikola Bartulica, Nikola Bartůšek, Adam Bielan, Christophe Gomart, Stefano Cavedagna, Alessandro Ciriani, Dick Erixon, Emmanouil Fragkos, Geadis Geadi, Chiara Gemma, Nora Junco García, Piotr Müller, Sander Smit, Kristoffer Storm, Dominik Tarczyński, Georgiana Teodorescu, Beatrice Timgren, Sebastian Tynkkynen, Jessika van Leeuwen, Mariateresa Vivaldini, Charlie Weimers, Kosma Złotowski, Tomasz Froelich, Marc Jongen, Alvise Pérez, Malika Sorel, Mieke Andriese, Rachel Blom, Ton Diepeveen, Marieke Ehlers, Sebastian Kruis, Jorge Martín Frías, Hermann Tertsch, Auke Zijlstra, Henrik Dahl, Alice Teodorescu Måwe, Alberico Gambino, Volker Schnurrbusch, Lara Magoni, Daniele Polato, Ondřej Krutílek, Elena Donazzan, Pietro Fiocchi, Thierry Mariani, Alexandr Vondra, Fabrice Leggeri, Veronika Vrecionová, Michał Dworczyk, Julie Rechagneux, Marco Squarta, Paolo Inselvini, Tobiasz Bocheński, Joachim Stanisław Brudziński, Jean-Paul Garraud, Ruggero Razza, Jaak Madison, Margarita de la Pisa Carrión, Marlena Maląg, Sergio Berlato, Arkadiusz Mularczyk, Ivaylo Valchev, Anna Zalewska, Marie-Luce Brasier-Clain, Angéline Furet, Galato Alexandraki, Mathilde Androuët, France Jamet, Mélanie Disdier, Bogdan Rzońca, Alexander Sell, Gilles Pennelle, Philippe Olivier, Małgorzata Gosiewska
Tuairisc A10-0278/2026
Nathalie Loiseau
An caidreamh polaitiúil idir an tAontas agus an tSiria
(2026/2036(INI))
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 4
| Tairiscint i gcomhair rúin | Leasú |
| 4. á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh rannpháirtíocht pholaitiúil an Aontais, cúnamh airgeadais, tacaíocht atógála, smachtbhannaí a chur ar fionraí nó comhar institiúideach a atosú de bheith inchúlaithe, bunaithe ar thagarmharcanna agus coinníollach go docht ar fhíorphróiseas aistrithe pholaitiúil, iolraíoch agus cuimsitheach faoi stiúir na Siria, le dul chun cinn intomhaiste maidir leis an smacht reachta, athchóiriú bunreachtúil, athchóiriú na hearnála slándála, comhar frithsceimhlitheoireachta, rochtain dhaonnúil, coimircí frithéillithe, urraim do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, mionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha a chosaint, ceartas idirthréimhseach agus cuntasacht as coireanna tromchúiseacha, chomh maith le tiomantas do chaidreamh síochánta comharsanachta, comhar réigiúnach agus comhlíonadh iomlán oibleagáidí na Siria faoin dlí idirnáisiúnta; | 4. á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh rannpháirtíocht pholaitiúil an Aontais, cúnamh airgeadais, tacaíocht atógála, smachtbhannaí a chur ar fionraí nó comhar institiúideach a atosú de bheith inchúlaithe, bunaithe ar thagarmharcanna agus coinníollach go docht ar fhíorphróiseas aistrithe pholaitiúil, iolraíoch agus cuimsitheach faoi stiúir na Siria, le dul chun cinn intomhaiste maidir leis an smacht reachta, athchóiriú bunreachtúil, athchóiriú na hearnála slándála, cláir um fhilleadh agus um athligean isteach, comhar frithsceimhlitheoireachta, rochtain dhaonnúil, coimircí frithéillithe, urraim do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, mionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha a chosaint, ceartas idirthréimhseach agus cuntasacht as coireanna tromchúiseacha, chomh maith le tiomantas do chaidreamh síochánta comharsanachta, comhar réigiúnach agus comhlíonadh iomlán oibleagáidí na Siria faoin dlí idirnáisiúnta; |
Or. en